Masters Research: Cad iad na sainriachtanais a bhíonn ag príomhoidí iarbhunscoileanna na Gaeltachta?

Masters Research - Cad iad na sainriachtanais a bhíonn ag príomhoidí iarbhunscoileanna na Gaeltachta?

Tá aird á tabhairt le tamall de bhlianta anuas ar an gceannaireacht scoile agus tá na dúshláin a ghabhann leis an bpost ag fás bliain i ndiaidh bliana. Tá go leor dúshláin ann phríomhoide ach i gcomhthéacs an phríomhoide Ghaeltachta, tagann athróga eile san áireamh, go háirithe le teacht an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta. De bharr an bhearna shuntasach sa litríocht atá dírithe ar phríomhoidí Gaeltachta, tugadh faoi iniúchadh ar eispéireas an sainghrúpa seo. Rinneadh plé ar an taighde agus ar an litríocht ábhartha náisiúnta a bhí bainteach le príomhoidí agus ceannaireacht scoile agus pléadh na téamaí a eascair as an litríocht sin i gcomhthéacs earnáil na Gaeltachta.Tugadh cuireadh do gach príomhoide Gaeltachta sa tír páirt a ghlacadh sa taighde idir cheistneoir a líonadh agus dul faoi agallamh leath-struchtúrtha. Earcaíodh seachtar don cheistneoir agus triúr chun dul faoi agallamh. Léiríodh téamaí áirithe mar snáithe leanúnach sa taighde: 1. Próifíl Teanga na Scoileanna, 2. Pobal na Scoile, 3. An Polasaí don Oideachas Gaeltachta agus Próiseas na Pleanála Teanga, 4. Féiniúlacht an phríomhoide, 5. Oiliúint agus, 6. Cleachtais Cheannaireachta. Aithníodh moltaí don chóras, do na soláthraithe oiliúna, don phleanáil teanga agus féidearthachtaí do thaighde breise.

Click here to view Thesis

Toirdealbhach O Lionard


CSL is funded by the Teacher Education Section (TES) of the Department of Education (DE)
This service is managed by Clare Education Centre.