Go Back

Pádraig (Barney) Ó Ceallacháin

Cáilíochtaí agus Cleamhnachtaí


Cáilíochtaí

Céim Máistreachta i gCóitseáil Pearsanta agus Bainistíochta, Ollscoil Éireann, Corcaigh, 2015
Céim Máistreachta i mBainistíocht Athruithe, Ollscoil Brighton, 2001
Dioplóma Iarchéime i dTaighde Gnó, Ollscoil Brighton, 2000
Teastas Oiliúint na dTraenálaithe, Institiúid Chairte Pearsanra agus Forbartha 2007
Dioplóma in Oideachas Allamuigh, Coláiste Margaíochta agus Dearaidh 1989
Dioplóma i Staidéir na hóige, Ollscoil Éireann Má Nuad 1987
Céim Baitsiléara Tráchtála, Ollscoil Éireann, Gaillimh, 1987
Oiliúint Bord Bainistíochta, (Comhchoiste na mBainisteoirí) 2014
Oiliúint Dlí Oideachais, (Comhchoiste na mBainisteoirí) 2014
Ball Cláraithe de Chumann Síceolaíochta na Breataine mar Thástálaí ar Chumas agus ar Phearsantacht Measúnuithe lena n-áirítear, 15FQ+ Próifílí Pearsantachta, Luachanna-bhunaithe Táscaire Spreagtha (VbIM), Táscairí Cineál Jung, agus Éirim Mhothúchánach, 2015
Cleachtóir Deimhnithe táscaire Myers-Briggs (MBTI®), OPP/Comhlacht Myers-Briggs 2004

Cleamhnachtaí agus Ballraíochtaí

Ball den Chónaidhm Idirnáisiúnta Cóitseála
Cláraithe ar Clár na gCáilíochtaí in Úsáid Tástála de chuid Cumann Siceolaíochta na Breataine.
Comhalta d’Institiúid Oiliúna agus Forbartha na hÉireann
Ball Comhlach den Institiúid Cairte Pearsanra agus Forbarth

Taithí i gcóitseáil duine le duine


Tá 35 bliain taithí ag Barney i gcúrsaí cinnireachta, cóitseála agus bainistíochta chun daoine a chur ar a gcumas a dtréithe, gairmiúla agus pearsanta, a neartú sa tslí is go mbeidís níos éifeachtaí ina gcuid oibre. Tá taithí cóitseála aige, mar chóitseálaí feidhmiúcháin lánaimseartha le Príomhoidí scoile agus lucht ardbhainistíocht in earnálacha éagsúla. Tá taithí cóitseála aige le Príomhoidí i mbunscoileanna, meánscoileanna, scoileanna DEIS agus i scoileanna uirbeacha agus tuaithe. Mar príomhoifigeach feidhmiúcháin ar Ghaisce (Gradam an Uachtaráin) tá taithí faoi leith bailithe aige de bharr a chuid oibre le príomhoidí agus múinteoirí scoile, le oibrithe deonacha agus daoine óga.

Chaith sé seal mar chathaoirleach ar Bórd Bainistíochta meánscoil deonach, mar bhall freisin ar Bhord Oideachais & Oiliúna (ETB) agus bhí sé lárnach i gcónascadh meánscoil agus scoil deonach mar choláiste pobail.

Saineolas speisialta maidir le:
• Spriocanna a aimsiú agus am a riaradh go héifeachtúil
• Oibriú led’ fhoireann bainistíochta agus cúraimí a roinnt go héifeachtúil
• Straitéisí a chur i bhfeidm maidir le cothromaíocht oibre is saoil
• Ag obair go héifeachtúil maidir le daoine agus cásanna doiciúla
• Comhchaidreamh foirne níos éifeachtaí
• Féinfheasacht a árdú agus cumas machnamhach a fhorbairt
• Pleanáil agus sainaithint a dhéanamh ar bhuaicpointí
• Conas na focail “ní féidir” a rá agus conas línte cumarsáide a choiméad ar oscailt agus iad a bheith éifeachtach
• Níos mó béime ar an gcinnireacht agus le chéile, athrúcháin a chur i gcrích

Cé go bhfuil a stíl cóitseála an-pearsanta agus tacúil, tá sé dúshlánach sa tslí is go dtugtar an deis do dhuine soléiriú a dhéanamh ar na cuspóirí atá le baint amach agus bheith cruinn ina bfuil ag tárlú ina saol gairmiúil agus saol pearsanta.

“As a coach Barney will forever have a positive impact on my approach to leadership. I found his perspectives thoughtful and insightful. My engagement with him began at a time when I found myself in a newly expanded leadership role and his experience and wisdom proved invaluable. My time with Barney enabled me to discuss confidential and specific situations with a trusted third party and to receive relevant, solid feedback which has guided my career journey and led to further career success. Thank you Barney.”
Senior Leader


CSL is funded by the Teacher Education Section (TES) of the Department of Education (DE)
This service is managed by Clare Education Centre.